Entry Level
Cur Síos ar an gComhlacht
Is SGS muid – an comhlacht is mó ar domhan i dtástáil, iniúchadh agus deimhniú. Aithnítear muid mar an caighdeán domhanda maidir le buanacht, cáilíocht agus ionracas. Oibríonn ár 99,600 fostaí mogalra de 2,650 oifig agus saotharlann chun domhan níos fearr, níos sábháilte agus níos nasctha a chruthú.
Tá SGS ag lorg Gníomhaire Líne Áirithinte lánaimseartha chun bheith páirteach inár n-oifig i nGaillimh le tacú lenár gcustaiméirí NDLS ar chonradh cuspóra shonraithe.
Faoi threoir an Cheannaire Oibríochtaí, beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach as glaonna/ceisteanna a fhreagairt ar bhealach tráthúil agus KPIanna agus SLAanna á gcomhlíonadh.
Cur Síos ar an bPost
Cinntigh go bhfreagraítear gach glaoch go tráthúil agus go gairmiúil.
Cómhlíon gach dualgas agus freagracht maidir leis an NDLSFO de réir na nósanna imeachta cuí agus an chomhaontaithe fheidhmíochta.
Próiseáil áirithintí agus cealuithe do chustaiméirí NDLS
Cloí i gcónaí leis na 8 bPrionsabal um Chosaint Sonraí.
Bí tuiscineach ar SOPanna agus scripteanna.
Cinntigh go gcomhlíontar go mion gach nós imeachta agus script eagraíochtúil.
Bainistigh faisnéis rúnda go slán agus de réir treoirlínte Bainistithe Taifead agus Cosanta Sonraí.
Bí ina eiseamláir agus léirigh luachanna SGS.
Cothaigh agus cinntigh dea-chaidreamh le fostaithe.
Críochnaigh riarachán laethúil.
Cloígh go beacht le Cód Iompar Gairmiúil agus Ionracais an Chomhlachta.
Léirigh íomhá ghairmiúil den chomhlacht trí chóiriú agus teacht i láthair.
Cinntigh iompar foirne sábháilte cuí maidir le sláinte agus sábháilteacht duit féin, do chomhghleacaithe agus do chliaint, de réir polasaithe an chomhlachta.
Cinntigh go gcomhlíontar Cód Ionracais an Comhlachta agus gníomhaítear de réir Polasaí Comhionannais & Éagsúlachta SGS Ireland.
Ardteistiméireacht nó a leithéid
Behaviors Expected
Macántacht, solúbthacht, agus obair as do stuaim féin
Gairmiúlacht; leis an gcustaiméir, le conraitheoirí agus le comhghleacaithe i gcónaí
Comhlíonadh polasaithe agus nósanna imeachta SGS
Imreoir foirne
Eolas breise
Liteartha ar ríomhairí
Scileanna cumarsáide den scoth – ó bhéal agus i scríbhinn
Cumas iltasctha agus obair faoi bhrú
Scileanna idirphearsanta éifeachtacha ar gach leibhéal
Cumas cruinnis agus aire do mhionsonraí a léiriú
Cumas oibriú ar do thionscnamh féin agus mar chuid d’fhoireann
Sign up to apply and find out right away if you're a fit.
Your agent will tell you — in seconds.
Sign up and I'll tell you right away how well SGS matches you — what you already have, and what's missing. Then I stay on it: I search for you and only write when I find something worth your time.